Bhuaigh na cailíní Corn an Chontae arís i mbliana sa chispheil, ar an Luan, 16ú Feabhra, i mBéal Átha Beithe. D’imir na buachaillí i gColáiste Oiriall ar an Mháirt, 17ú agus bhuaigh siad Corn an Chontae chomh maith – don chéad uair riamh. Ceilúradh dúbailte – Maith sibh a pháistí. Buíochas le Múinteoir Ní Ghallchóir, Múinteoir Mhic Giolla Chomhaill agus Múinteoir Ó Máirtín.






