Uachtar Reoite!!

Bhí bliain aisteach eile ann arís i mbliana ach, sin ráite, lean na páistí orthu ag obair go dian go dtí an deireadh. Mar cheiliúradh agus le buíochas a ghabhail leis na paistí as an obair uilig, shiúil muid ar fad chuig an siopa  chun uachtar reoite a fháil. Yum!!