LAOCH AR LEITH AR LÁR  in ómós d’Ógie

LAOCH AR LEITH AR LÁR  in ómós d’Ógie

Tá Ógie Ó Dufaigh faoi fhód inniu i gcreafóg chlochach Fhearnmhaí agus gadaíocht déanta ag an bhás ar mhac mácanta, ar dheartháir dílis, ar chara caoin, ar rógaire ró-gheanúil agus ar laoch ar leith.

Gidh nach raibh na scór bliain fós slánaithe ag Ógie bhí a rian agus a lorg fágtha aige cheana féin ar a chlann, ar a chairde, ar a chumann agus ar a chontae.

Ba léir ón chéad uair ar leag sé cos ar pháirc Ghabhán Uí Dhufaigh i mBaile Mhuineacháin go raibh feith na peile in Ógie. Bhí sé ar phainéil forbartha contae ó bhí sé ceithre bliana déag d’aois ann ach ba le teacht Banty McEnaney mar bhainisteoir ar fhoireann faoi 17 Mhuineacháin do shéasúr 2017-18 a tháinig bláthú ceart mar pheileadóir ar Ógie. D’aithin an Banty gur fear óg as an ghnáth a bhí ann. Chonaic sé go raibh treithe faoi leith ceannaireachta ann agus mhúnlaigh sé a fhoireann thart ar an stócach óg téagartha láidir seo nach raibh mór i méid ach a raibh croí agus críonnacht ann ar léana na peile nach bhfeictear ach go hannamh. Stiúraigh an Banty cúrsaí ón taobhline agus stiúraigh Ógie cúrsaí mar fhear breise ón líne leathchúil agus rug an fhoireann sin leo Craobh Uladh thart fán am seo trí bliana ó shin.

D’admhódh a athair féin gur dóiche gur ó fhaichí iomána oir-dheisceart na Gaillimhe, ceantar dúchais a mháthara Esther, a tháinig bua na haclaíochta agus na himeartha a bhí go smior in Ógie ach níl aon amhras ach gur óna athair a fuair sé an díogras agus an dúthracht a bhí ann go tréan. Ba óna athair fosta a fuair sé a chuid Gaeilge agus ba sa teanga sin a thug Ógie gach uile focal d’óraid an bhua in Ard Mhacha trí bliana ó shin. Bhí sé réidh le dhul i mbun pinn arís I ndiaidh bua na hAoine seo caite i gcoinne Dhún na nGall.

In aineoinn an ráth agus an cháil a bhí ar Ógie mar imreoir idirchontae, ní raibh dabht ach gur leis an chumann ab ansa leis, Cláirseacha Mhuineacháin, a luigh a bhundhílseacht. D’imir sé d’fhoireann sinsir an chumainn agus gan é ach seacht mbliana déag d’aois agus bhí sé mar bhall den fhoireann a rug leo Craobh Idirmhéanach Mhuineacháin i samhradh 2020. Roghnaíodh é ar fhoireann All-Star an chontae ón chraobh sin i ndiaidh a mbua ar Chraobh Mháirtín, áit dúchais a athra, sa chluiche ceannais. Shíl muid uilig sna Cláirseacha gur dual dó bheith mar chrann taca ar pháirc na himeartha don fhóchumann sna blianta romhainn ach is cosúil nár roinn aon duine an plean seo le Dia mór na glóire féin.

Tá an chumhacht speisialta a bhaineann leis an chúram agus an aire a thugann CLG dá bpobal feicthe againn le seachtain anuas. Ach tá a fhios againn fosta nach gan locht a bhíonn lucht leanta na peile agus gur minic a bhíonn focail ghéara agus gontacha le clos i measc slua. NÍl moladh níos airde d’Ógie ná go dtig liom a rá go fírinneach nár chuala mé riamh focal cháinteach ná diúltach faoi agus mé i measc slua ag cluiche peile. Ní fhéadfaí a thréan iarracht a cheistiú in am ar bith.

Níorbh é mian Ógie gort na hacadúlachta a threabhadh agus ní raibh gasúr níos sásta ar an oileán seo nuair a d’fhógair Taoiseach an lae druid thobann scoltacha na tíre le teacht Covid i Márta 2020, cuplá mí sula raibh Ardteist le déanamh ag Ógie. D’aimsigh sé post an lá dár gcionn agus ní raibh sé díomhaoin ó shoin. D’oibrigh sé Domhnach agus Dálach agus léirigh sé an t-eitic céanna oibre ina ionad oibre agus a bhí le feiceáil uaidh ar pháirc na peile.

Baintear róúsáid in amanta as an tseanfhocal nach mbeidh a leithéid arís ann. Ach thig sin a rá gan bhréag sa chás seo. Tá a áit slánaithe ag Ógie sa Táin. Thig liom á shamhailt ag gluaiseacht i dtreo fhéasta Chulainn, a chosaint féin ó ionsaí fhíochmhar an chú, ag glacadh áite an chú mar chosantóir Chulainn agus ina sheasamh sa bhearna bhaol ag cosaint a chúige i gcomhrac aonair. Bhí bás luath, faraor, i ndán d’Ógie mar a bhí do Chúchulainn féin.

                                                                                                   JÓG