Duais an mholtóra do na Naíonáin Mhóra

Bhí na Naíonáin Mhóra ag obair go crua le tamall anuas ar an dráma ‘Na Criáin Chráite’ leis an Múinteoir Mhic Giolla Chomhaill, Múinteoir NicCába agus Múinteoir Nig Uidhir.

Rinne siad an dráma in Amharclann an Gharáiste i mí an Mhárta agus arís i Leitir Ceanainn coicís ina dhiaidh sin.

D’éirigh go hiontach leo an dá lá agus bhuaigh siad duais an mholtóra i Leitir Ceanainn. 

Bhain na páistí an-sult as an drámaíocht! Maith sibh!