Stair

Cúlra na Scoile

Rinneadh iarratas chuig an Roinn Oideachais i dtús na bliana 1986 ar  ghaelscoil a bhunú i mbaile Mhuineacháin. Níor cheadaigh an Roinn Oideachais scoil neamhspleach a bhunú ach cuireadh tús le sruth lán-ghaelach i Scoil Mhuire, Muineachán i Meán Fómhair 1986. Bhí sé lonnaithe i dTeach na mBraithre in aice na scoile agus bhí triúr páiste ‘s fiche ann an chéad bhliain.

Lean an Sruth ar aghaidh ar feadh trí bliana agus i 1989 thug an Roinn Oideachais aitheantas mar scoil neamhspleach di agus d’fhreastail na chéad pháistí ar Ghaelscoil Ultain i Meán Fómhair 1989. Rinne an tOirmhíneach an Dr. Seosamh Ó Dufaigh, Easpag Chlochair, an scoil a choisreacadh agus a oscailt go hoifigiúil i Mí Béaltaine 1990.

D’fhan muid ansin ar an chnoc go dtí gur tógadh an scoil nua ar Bhóthar Ard Mhaca. Bhog an scoil go dtí an fhoirgneamh nua i Mí Feabhra 2013.

Is scoil pharóiste í Gaelscoil Ultain agus is é an tEaspag Liam S. MacDaid patrún na scoile. Is iad Príomhoide agus Bord Bainistíochta na scoile atá freagrach as a reachtáil. Freastalaíonn idir bhuachaillí agus chailíní ó Naíonáin Bheaga go dtí Rang 6 ar an scoil.

Múintear na hábhair scoile uilig, taobh amuigh den Bhéarla, tré mheán na Gaeilge. Nuair a thagann na páistí ar scoil don chéad uair ní labhraíonn na múinteoirí ach Gaeilge leo; ní fada go dtuigeann siad an teanga agus, diaidh ar ndiaidh, tosaíonn siad a labhairt. Is i an Ghaeilge teanga chumarsáide na scoile agus ní usáidtear ach Gaeilge sa scoil agus i dtimpeallacht na scoile.

Cuirtear béim faoi leith ar an chultúr Ghaelach ina iomláine agus cothaítear sna páistí meas don cheol, don damhsa agus do na cluichí Gaelacha.

Tugtar an méid céanna ama don Bhéarla i nGaelscoil Ultain agus a tugtar dó i ngach scoil eile. Tá áit tábhachtach fosta ag an Teagasc Críostaí ar chlár na scoile agus déantar na páistí réidh don Chéad Chomaoineach agus don Choineartú nuair a bhíonn siad sna ranganna cuí.

Tá níos mó ná 150 gaelscoil sa tír uilig agus tá aitheantas iomlán acu ón Roinn Oideachais. Tugtar múinteoir sa bhreis agus deontas de 50% sa bhreis do Ghaelscoileanna thar scoileanna eile.

Bunaíodh meánscoil lán Ghaelach, Coláiste Oiriall, i Muineachán i 2004.