Focal ón Phríomhoide

Céad mile failte romhat chuig suíomh idirlíon Ghaelscoil Ultain

Is Gaelscoil muid a fhreastalaíonn ar bhuachaillí agus ar chailíní. 385 páiste a bhí cláraithe sa scoil i Meán Fómhair 2023.

Tá muid lonnaithe anois san fhoirgneamh úrnua a tógadh dúinn ar láthair Bhearaic na hAirme, ar bhóthar Ard Mhaca

Cuireann muid romhainn an caighdeán is airde oideachais a chur ar fáil d’achan pháiste a bhíonn faoinár gcúram agus meas a mhúscailt sna páistí sa chultúr Gaelach féin.

Coinneoidh an suíomh seo tuismitheoirí na scoile ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa scoil agus beidh sé mar chuidiú fosta ag duine ar bith atá ag smaoineamh ar an ghaelscolaíocht dá bpáiste féin.

Bain sult as do chuairt!

Joe Ó Gallchóir
Príomhoide
Mean Fómhair 2023