Ethos na Scoile

‘Carthanacht, Cultúr ‘s Léann’

Glacann muid leis go bhfuil muid ag iarraidh, ó thús, an caighdeán is airde oideachais a chur ar fáil d’achan pháiste a bhíonn faoinár gcúram. Tuigeann muid leis go bhfuil achan pháiste ina dhuine ar leith a bhfuil riachtanais agus buanna dá chuid féin aige agus is í ár mian í go sroichfeadh achan pháiste an pointe is airde léinn agus oideachais ‘s atá ar a chumas.

Ba mhaith linn fosta go mbeadh rud breise ag na scoláirí i.e. go dtiocfadh fás agus forbairt orthu mar dhaoine ‘fhad ‘s atá siad linn; go gcothófaí iontu tréithe daonna atá de dhíth orthu le go mbeadh meas ag daoine eile orthu agus acu féin, orthu féin.

Déantar iarracht seo a chur i gcrích trí atmaisféar críostúil, cáirdiúil, foscailte agus folláin a chothú ina mbíonn meas againn ar a chéile; trí éisteacht agus trí chaidreamh fhoscailte fríd an scoil – ach caitear a chuimhniú i gcónaí go bhfuil teorainneacha ann.

Tá meas mar chuid de dúshraith na scoile – meas ar a chéile, orthu féin, orainne mar mhúinteoirí agus ar dhaoine fásta i gcoitinne. ‘Siocair gur Gaelscoil atá ann, tá muid ag iarraidh meas eile a mhúscailt agus a bheathú sna páistí – meas ar ár gcultúr Gaelach féin. Trí shampla agus trí thaispeáint gur fiú na rudaí seo a chuirfear i gcrích na mianta seo. Bheadh muid ag dúil leis go mór go mbeadh ár scolairí bródúil as a scoil agus as a dteanga agus as a gcultúr agus go mbeadh an bród sin mar chuid den “oidhreacht” a thabharfadh siad leo fríd a saol.

Ó thaobh ghnáthshaol na scoile de, glacann na páistí iad féin le cúramaí go luath ar a n-aistear fríd na ranganna. Bíonn muid ag súil leis go mothóidh siad gur linn uilig an foirgneamh agus an timpeallacht agus go mothóidh siad ó seo go bhfuil freagracht orainn uilig i dtaobh na scoile. Ba mhaith linn go nglacfadh siad le freagracht agus go nglacfadh achan duine páirt ar a bhealach féin i saol na scoile mar chuid dá fhorbairt phearsanta. Ba mhaith linn iad a ghríosadh chuig co-oibriú ar shon an iomláin, chuig saothrú ar shon feabhais agus chuig aimsiú agus úsáid a mbuanna.